欢迎光临
我们一直在努力

An Seinnteoir Raidió

Don chéad uair riamh, tá seirbhísí raidió Gaeilge uile na hireann á dtabhairt le chéile in aon láthair amháin ar an aip An Seinnteoir Raidió.
  
  Forbartha ag RT i gcomhar leis an IBI, is féidir teacht ar RT Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió RíRá agus Raidió Fáilte in aon láthair amháin, chomh maith le podchraoltaí agus cláracha ar éilimh i nGaeilge.
  
  Chomh maith leis na seirbhísí Gaeilge ar fad bheith tugtha le chéile in aon láthair amháin, le comhéadan i nGaeilge, is féidir teacht freisin ar stáisiúin uile eile na hireann, is cuma Gaeilge nó Béarla.
  
  Oibríonn An Seinnteoir Raidió thar cionn le gléasanna iOS agus tá Mód an Chairr agus Amadóir Codlata ann freisin. Go bunúsach, is í an aip raidió is fearr ar domhan í!
  
  Scrolláil trí na stáisiúin raidió atá molta duitse, féach céard atá ar fáil go háitiúil nó céard atá ag treochtáil, agus sábháil go héasca na stáisiúin agus na cláracha is fearr leat.
  
  Tá seirbhísí raidió Gaeilge uile na hireann le fáil ar do iPad, iPhone nó iPod, is cuma más seirbhísí náisiúnta nó pobail atá i gceist, is cuma cén taobh den teorainn a bhfuil siad lonnaithe. Is é seo an chéad uair RT Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió RíRá agus Raidió Fáilte bheith tugtha le chéile in aon láthair amháin.
  
  Is comhpháirtíocht idir RT agus Independent Broadcasters of Ireland (IBI) é An Seinnteoir Raidió, agus é d’fheidhm ag an tseirbhís raidió i nGaeilge a chur ar fáil ar an mbealach is éasca d’éisteoirí. Tá RT ag tacú go láidir leis an togra, mar chuid de Phlean Gnímh Meáin Ghaeilge RT, agus ag tabhairt san áireamh go gcuireann an eagraíocht seirbhís RT Raidió na Gaeltachta ar fáil.
  
  Tugann an IBI san áireamh UTV (a fheidhmíonn FM104, Q102, C103, Cork’s 96FM, Galway Bay FM, WLRFM, Live 95FM agus LMFM), agus Communicorp (a fheidhmíonn Newstalk, Today FM, TX FM, Spin 103.8 agus Spin Southwest).
  
  I measc na stáisiún eile de chuid an IBI atá ar an Seinnteoir Raidió, tá Beat, Clare FM, Classic Hits 4fm, East Coast Radio, Highland Radio, iRadio, KCLR 96FM, Kfm, Midlands 103, Midwest Radio, Northern Sound, Ocean FM, Radio Kerry, Radio Nova, Red FM, Shannonside 104, South East Radio, Sunshine agus Tipp FM.

下载地址:iTunes 或者AAP STORE 下载

赞(0)
未经允许不得转载:福利吧|福利社|fuliba » An Seinnteoir Raidió

相关推荐

  • 暂无文章